Seo an Scéal le Conradh na Gaeilge

Seo an Scéal   le Conradh na Gaeilge.

Ceolchoirm le Téada

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Ceolchoirm den scoth ó Oisín MacDiarmada (fidil) Paul Finn (cairdín) ón ngrúpa Téada le Samantha Harvey (pianó/damhsa) i nDún Mhuire ar an Déardaoin,

16 Samhain, 2017 ar a 8.00 pm.

Tá an-aithne ar an bhfidléir iontach Oisín Mac Diarmada ón nGrúpa “Téada” agus a sheinn san Aonach cúpla uair.

Thosaigh Oisín ar an bhfidil agus é ina lead óg i gCo. an Chláir.   Lean sé air nuair a d’aistrigh an chlann go Sligeach áit a músclaíodh a shuim i stíl cheol na háite sin.

Bhain sé a lán duaiseanna ag na Fleánna Cheoil agus d’éirigh lena Bhanna Cheoil Innisfree an chéad áit a bhaint ag Fleadh Cheoil na hÉireann.   Tá céim sa cheol aige ó Choláiste na Trionóide chomh maith le céim i mbainistíocht ó Choláiste Smurfit, Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

Tá cáil ar a ghrúpa ceoil “Téada” a bhunaigh sé féin 2001 agus a thaistil an domhan thar na blianta.   Seinneann Oisín ina aonair go minic freisin.   Is Stiúrthóir é ar Scrúdú Cheol Tíre do cheol traidisiúnta ó 2012. Chuir sé clár faisnéise i láthair ar thraidisiúin Fhidléirí Shligigh ar TG4 agus tá leabhar foilsithe aige féin le Daithí Gormley “Fiddlers of Sligo.”

Paul Finn

Ceann de na ceoltóirí is fear ar an gcairdín is ea Paul Finn a thagann ó Cho. Laoise. Mar bhall den ghrúpa Téada ó 2003 thaistil sé Meiriceá, an Euróip, agus cuid den Áis agus tá sé le cloisint ar go leor album Ghael Linn leo.

Tá sé sa bhanna “Innisfree” le hOisín agus bíonn sé le feiscint ag teagasc ar cheardlanna anseo agus ansiúd chomh maith le Contae Laoise.

Samantha Harvey

As California do Samantha atá ina cónaí anois i Sligeach.   Ceoltóir

traidisiúnta agus rinceoir sár mhaith is ea í.   Seinneann sí an Bosca ceoil

agus an Pianó.   Thaistil sí an domhan le grúpaí difriúla freisin “Téada” san

áireamh.   Bhí páirt aici sa Cheolchoirm do 2016 ar RTE ó Amharclann Bhord Gáis.     Tá cleachtadh aici ar thaispeántas drámaíochta do dhaoine óga

agus bíonn sí le feiscint i scoileanna agus amharclanna ar fud na hÉireann.

Le déanaí ghlac sí páirt i Tradition Now 2017 san Amharclann Náisiúnta.

Ná dean dearmad bheith i nDún Mhuire Déardaoin an 16 Samhain ag 8.00 agus má bhíonn tú ann beidh tú sásta.

 

125 Bliain dAthbheochan na Teanga i 2018.

Seoladh Bliain na Gaeilge 2018 i measc na nGael ag Oireachtas na Samhna

i gCill Airne, Co. Chiarraí.

Beidh Conradh na Gaeilge 125 bliain bunaithe sa bhliain 2018.   Is Féile

Bliana a bheidh ann ar son na Gaeilge.   Déanfar ceiliúradh ar thábhacht agus ar thionchar na hathbheochana ar an bpobal agus cuirfear dúshlán reatha na teanga i lár an aonaigh i 2018.   Beidh grúpaí fud fad na tíre agus fud fad an domhain páirteach sa Bhliain .

D’fháiltigh Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, Joe McHugh, T.D. roimh chinneadh Fhoras na Gaeilge maoiniú a chur ar fáil do Bhliain na Gaeilge.

“Beidh deis iontach againn le linn na bliana ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga agus ár gcultúr,” ar seisean, “impím ar gach duine bheith páirteach, iad siúd atá líofa agus iad siúd nach bhfuil acu ach cúpla focal.”

Gluais

fógairt – announce; scoth – excellent; músclaíodh – arouse interest;

bainistíocht – management; stiúrthóir – director; clár faisnéise – documentary;

ceardlann – workshop; san áireamh – including; athbheochan – revive;

ceiliúradh – celebrate; tábhacht – importance; tionchar – influence;

dúshlán reatha – current challenges; cinneadh – decision, maoiniú – funding.

SEO AN SCÉAL     le Conradh na Gaeilge.

Oíche Chultúir.

Beidh an Oíche Chultúir á cheiliúradh ag Conradh na Gaeilge i nDún Mhuire,

50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach, ar an Aoine 22 Meán Fómhair, ar 7.30 pm.

Is ann a bheidh ceoltóirí óga ó Chomhaltas Ceoltóirí Eireann ag seinnt agus beidh Máire Ní Cheilleachair, Corcaíoch agus amhránaí ar an sean-nós mar aoí speisialta chun amhráin a rá. Is minic a bhíonn Máire le cloisint ar Raidio na Gaeltachta nó ar TG4.   Tá cleachtadh ag Máire ar amhráin a mhúineadh do dhaoine óga i gCorcaigh agus tá súil againn go mbeidh cúpla amhrán nua ag ceoltóirí ógaThiobraid Árann ina diaidh. Mar is eol don saol bíonn an Oíche Chultúir ar siúl ar fud na tíre ar an oíche chéanna.   Scaipeann na hOifigigh Ealaíne eolas faoin oíche sna contaethe difriúla agus déantar bolscaireacht faoin oíche ar an raidio. Is féidir a rá go mbeidh an oíche i nDún Mhuire trí Ghaeilge agus go mbeidh na himeachtaí saor in aisce.   Failte romhaibh!

Ranganna Gaeilge

Tá an fómhar tagtha agus oícheanta fada an gheimhridh romhainn.   Smaoiníonn

daoine ar imeachtaí mar cheird a fhoghlaim nó dul chuig rang oíche.   Bíonn

éileamh ar na ranganna Gaeilge i nDún Mhuire.   I mbliana cuirfear ranganna ar fáil do na déagóirí atá ag ullmhú don Teastas Sóisireach nó don Ardteist.

Chomh maith leo san beidh ranganna do dhaoine fásta ar mhaith leo tosnú aris nó dóibh siúd a bheidh ag iarraidh feabhas a chur ar an Ghaeilge atá acu cheana féin.   Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin!    Má’s mian leat clárú do rang bí i dteagmháil le Pádraig ag 067/41570.

Naíonra – Ríocht na nÓg ag Cúl an Tí.

Bíonn na leanaí trí nó ceithre bliana d’aois ag freastail ar an Naíonra gach maidin ó naoí a chlog go meánlae.   Bíonn sceitimíní orthu ag teacht isteach gach lá.

Baineann siad sult agus taitneamh as bheith ag spraoí le chéile, téann siad amach

ag siúl, téann siad chuig an Leabharlann ague foghlaimíonn siad Gaeilge i ngan

fhios dóibh féin go nádúrtha.   Tá an scéim ECCE idir lámha agus tugann sé tréimhse áirithe saor in aisce don chlann a bhuíochas don rialtas!

Maidin Chaife.

Buaileann slua le chéile gach Céadaoin chun caife nó tae a ól agus cursaí an lae a

phlé. Caitheann siad uair an chloig le caint agus le caidreamh. Téann siad go Caife difriúil gach mí.     Cuirtear fáilte roimh éinne ar mhaith leo Gaeilge a labhairt, bíodh sí olc, maith nó ar fheabhas.   Má’s mian leat teacht isteach Céadaoin ar bith bí i dteagmháil le Pádraig i nDún Mhuire ag 067/41570.

cnagantaonach@gmail.com

Gluais:

Ceiliúradh – celebration; sean-nos – tradition; aoí speisialta – special guest;

scaipeann eolas – to spread information; bolscaireacht – publicity;

saor in aisce – free; ceird – craft; feabhas – improve; clárú – register;

sceitimíní – to be excited; caidreamh – companionship.

 

Dúchas – Seán Ó Ríordáin & Art Ó Laoghaire.

Beidh Dúchas, Éigse do Thiobraid Árann ar siúl go luath san Aonach. Is é an aidhm atá leis an deireadh seachtaine ná saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt le cách agus sásamh agus tuiscint a thabhairt don phobal.   Féile filíochta a bheidh ann agus ómós á léiriú do Sheán Ó Ríordáin, file, a fuair bás 1977 daichead bliain ó shin.

Cloisfear filíocht an Ríordánaigh oíche an Aoine i nDún Mhuire, 8 Meán Fómhair agus beidh eolas agus fáisnéis le fáil ar a shaol ó shár-chlár Teilifíse a dhein Seán Ó Mórdha blianta ó shin.

Is i nDún Mhuire ar an Satharn an naoú lá a bheidh Caoineadh Airt Uí Laoghaire á léiriú ag Aisteoirí Chúil Aodha le hÁine Uí Chuill, aisteoir agus Shauna Willems, ceoltóir.

Mí na Bealtaine 1773 maraíodh Art Ó Laoghaire.   Léim a bhean Eibhlín Dúbh Ní Chonaill (aintín do Dhomhnaill Ó Conaill) ar a chapall agus ar aghaidh léi go bhfuair sí a fear céile marbh.   Chum sí an caoineadh nuair a fuair sí corp Airt agus cuid eile den chaoineadh ag an torramh.   Tá Caoineadh Airt Uí Laoghaire ar an gcaoineadh is cáiliúla sa Ghaeilge.

Ar an Satharn freisin cloisfear Agallaimh Bheirte ó Threasa Uí Neill agus Con Ó Cróinín, Ceatharlach, agus ó Kirsty Ní Bhroin agus Caoimhe Ní Gheibheannaigh, An tAonach.   Beidh ceol agus amhráin ar an gclár idir eatarthu.

Is san Ionadh Ealaíne i Halla an Bhaile a bheidh an gabhar á róstadh oíche an tSathairn,   Mo Pheann ag Rince : Tionscadal an Ríordánaigh le Imram a bheidh san Ionad leis na filí Liam Ó Muirthile, Louis de Paor agus an ceoltóir Enda Reilly.

Bhí Seán Ó Ríordáin ina cheann ródaí filíochta in Éirinn a linne. Léitear fós le fonn agus le fiosracht é.   Mealltar sinn ag a mhácántacht, a dhaonnacht, a ghreann, an t-imeartas focal agus na comhfhocal is iad i gcúl aigne an léitheora.

Sa seó seo beidh Louis de Paor ag léamh dánta Uí Ríordáin le tionlachan ceoil ón ngiotáraí Enda Reilly agus beidh Liam Ó Muirthile ag léamh rogha as a dhialann “Anamlón Bliana.”   Beidh iomhánna áille de chuid an ealaíontóra Margaret Lonergan á dteilgean sa chúlra.

Is Corcaíoch é Liam Ó Muirthile a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil agus i nGaeltacht Chiarraí.   Tá a lán duaiseanna bainte amach aige thar na blianta dá chuid filíochta agus cuid mhaith foilsithe aige.   Léiríodh na drámaí Tine Cnámh, Fear an Tae, agus Liodán na hAbhann leis.   Is ball d’Aosdána é.

Corcaíodh eile is ea Louis de Paor a bhfuil lear mór duaiseanna bainte amach aige dá chuid dánta – duais Oireachtais Sheáin Uí Ríordáin ceithre huaire.   Faoi láthair tá sé ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is amhránaí, giotáraí agus cumadóir amhráin as Baile Átha Cliath é Enda Reilly. Sheinn sé ag ceolchoirmeacha le John Spillane, Kila, Liam Ó Maonlai, Rónán Ó Snodaigh agus chan sé leis an Cheolfhoireann Náisiúnta.   Ina Albam Whoris a d’eisigh sé le déanaí tá bailiúchán dánta le Yeats cuid acu aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock.

Tá an ioliomad taithí ag Margaret Lonergan ar bheith ag obair le tionscadal éagsúla ealaíne sa phobal agus le comhlachtaí.   Tá sí ag obair le Imram, Féile Litríochta Gaeilge, ó 2009 nuair a chruthaigh sí íomhánna breátha le téacs a theilgean ar scáileán.   Cuir na dátaí 8, 9, 10 Meán Fómhair i do dhialann, bí ann agus beidh tú thar a bheith sásta.

Gluais :

 

Éigse – learning or poetry; saibhreas na litríochta – richness of literature;

comhaimseartha – contemporary; ómós – respect; caoineadh – lament

torramh – wake; agallamh – disputation in verse; gabhar á róstadh – expression meaning fun; ceannródaí – pioneer; daonnacht – humanity; imeartas focal – play on words; comhfhocal- compound words;

tionlachan ceoil – musical accompaniment; íomhanna – images;

teilgean – projected; d’eisigh sé – he launched.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An tEarrach Thiar;

Fear ag glanadh cré

De ghimseán spáide

Sa gciúnas shéimh

I mbrothall lae

Binn an fhuaim san Earrach thiar.

Má’s mian leat níos mó eolais nó an fhilíocht Ghaeilge a bhlaiseadh idir sean agus nua tar go Dún Mhuire Dé Máirt 14 Feabhra áit a mbeidh Daithí Mac Abhainnse

ag stiúradh na díospóireachta ar 7.00 pm. Beidh a rogha dánta aige don slua agus iad aistrithe go Béarla.   Mar sin ní bheidh aon fhadhb tuisceana ann.

Scríobh Máirtín Ó Direáin an dán An tEarrach Thiar ina chuireann sé síos go healaíonta ar cheithre radharc as Oileán Árainn lena linn.   Rugadh Máirtín 1910 ague taitníonn an dán seo linn go léir.   Tosaíonn daoine ag obair sa ghairdín

agus tugtar dóchas dúinn san Earrach i ndiaidh doinnine agus dorchadas an gheimhridh. Ach cad is filíocht ann?   An é an dán a mholann áilleacht tíre nó dúiche? Nó an í an liric í a nochtann croí an fhile faoi ghrá do bhean nó bás an té is ansa leis.   Bíonn meas ag duine ar cheol na bhfocal nó ar shimplíocht na cainte agus na smaointe.   Bhíodh meadaracht riachtanach sna dánta fadó ach d’athraigh sé sin le himeacht aimsire. Bhí an-chumhacht ag na filí sa seansaol.   Ba aicme ar leith iad. Tá caint gnách simplí an lae inniu sna dánta anois.

An duine aonair a bhíonn faoi chaibidil ag na filí inniu   Buail isteach chugainn ar an Mháirt 14 Feabhra, 7.00 pm i nDún Mhuire.

Maidin Chaife:

Cuir nóta sa Dialann faoin Mhaidin Chaife ar 11.00 i Cinnamon Alley gach Céadaoin i mí Feabhra.   Tagann daoine le chéile chun cúrsaí an lae a phlé le cupán chaife nó tae.   Cur is cúiteamh as Gaeilge a bhíonn ar siúl agus tugtar deis do dhaoine Gaeilge labhairt.   Bíonn fáilte roimh óg is aosta, roimh Ghaeilge lag agus láidir.   Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin agus tá cuid mhaith Gaeilge ag Marie i Cinnamon Alley chun freastail ar an slua!.

Seachtain na Gaeilge:

Ceiliúradh atá i Seachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl on 1/17 Márta ar fud na

tíre. Is iad Ambasadóirí na Seachtaine i mbliana Miriam O”Callaghan, Art Parkinson agus Micheál Ó Ciaraidh.

Tá Miriam ag súil le níos mó Gaeilge a úsáid ó lá go lá lena clann agus a comhghleacaithe in RTE. Bhí Art Parkinson i Kubo, The Two Strings agus Game of Thrones. Déanann sé a chuid staidéar trí mheán na Gaeilge ague bíonn sé ag foghlaim trí Ghaeilge fud fad an domhain nuair a bhíonn scannán á dtaifeadadh aige. Tá sé an-mhórtasach as an Ghaeilge agus bíonn sé iontach bródúil í a labhairt gach lá. Tá Micheál Ó Ciaraidh ag obair i TG4. Deir sé gur féidir Facebook, Gmail & Twitter a úsáid as Gaeilge nó gur féidir le daoine teachtaireacht as Gaeilge a scríobh ar ghrianghraf ar Snapchat!

The Spirit of Tipperary:

Seolfaidh Éamonn De Stafort “The Spirit of Tipperary” le Pádraig Ó Meára ague Tomás Ó Domhnaill i nDún Mhuire, 50 Sr. an Phiarsaigh, An tAonach ar 8.00 pm an 15 Feabhra. Bailiúchán de dhánta, eolas ar fhilí, scéalta agus stair Thiobraid Árann atá sa leabhar seo i mBéarla agus i nGaeilge a d’fhoilsigh The Guardian Company agus a bhí curtha in eagar ag Pádraig Ó Meára agus Tomás Ó Domhnaill. Múinteoir i Scoil na mBráthar agus ansin i Scoil na Leanbh ab ea Pádraig Ó Meára a chaith a shaol ar obair don teanga le Conradh na Gaeilge.   D’fhoilsigh Pádraig agus Tomás Ó Domhnaill (céile a deirféar Tess) The Spirit of Tipperary. Tá an leabhar as cló le fada agus anois a bhuíochas do Mháirtín Ó Meára (mac Phádraig) beidh deis ag muintir Thiobraid Árann agus muintir na hÉireann go léir an leabhar a fháil.   Beidh fáilte is céad roimh aon duine a chuireann suim i leabhair agus roimh a gcairde.

 

Gluais

gimseán spáide – tread of spade; brothall – heat; doinnine – stormy weather;

dúiche – homeland; nochtann – reveals; gnách –ordinary; aistrithe – translated;

fadhbh tuisceana – problem of understanding; cur is cúiteamh – discussion;

ceiliúradh – celebration; comhghleachaithe fellow workers;– scannáin á dtaifeadadh – films being recorded; fud fad – all around;

mórtasach / bródúil – proud; as cló – out of print.

 

Fuil ar an Rós – Poems of 1916

Is cúis áthais do Chonradh na Gaeilge go mbeidh Fuil ar an Rós – Blood on the Rose – Poems of 1916 á léiriú ag Gabriel Rosenstock, Sadhbh Ní Fhloinn, Cathal Quinn, John Blake agus Tristan Rosenstock  i nDún Mhuire, An Domhnach, 16 Deireadh Fómhair, ar 3.30 pm.

Blaiseadh a bheidh anseo den tréimhse timpeall 1916 ar chruthaitheacht na gceannairí go háirithe An Piarsach, Tomás Mac Donnchadha, Séamus Ó Conghaile agus Joseph Mary Plunkett.

This will be a bilingual presentation of poems such as I See His Blood Upon the Rose, Fornocht Do Chonac Thú, A Wave of the Sea, Mise Éire,  Lament for Thomas Mac Donagh, with some translations by Gabriel Rosenstock and original music by Sadhbh Ní Fhloinn.   Beidh an taispeántas léirithe ag Tristan Rosenstock.

File agus aistritheoir a bhí ag obair leis An Gúm is ea Gabriel Rosenstock a bhfuil an ioliomad leabhar foilsithe aige thar na blianta.  Is ball d’ aosdána é agus an-suim aige sna healaíona.

Bíonn Tristan Rosenstock le feiscint go seachtainiúil mar láithreoir ar an gclár Imeall ar TG4.   Tháinig sé go dtí Dún Mhuire cúpla uair cheana mar bhall den ghrúpa Téada.  Is breá leis ceol, Gaeilge, na healaíona, polaitíocht agus taisteal.

Meascán de dhánta ague de cheol a bheidh le cloisint i nDún Mhuire Dé Domhnaigh, ar 3.30 pm.      Táimid ag druidim chun deireadh na bliana 2016 agus an ceiliúradh ar 1916.    Cuid dár n-oidhreacht agus dár gcultúr a bheidh sa taispeántas seo ar ard-chaighdeán.  Mar sin bígí linn agus ceiliúraimis le cheile.

Ranganna

Bíonn ranganna ar siúl do dhaoine fásta, tosaitheoirí agus feabhsóirí gach Luan agus Máirt ar 7.30 pm i nDún Mhuire.  Tá na múinteoirí thar barr agus an-tuiscint acu do gach duine.   Tagann déagóirí chuig rang ar an Mháirt idir 5.00 agus 6.00 pm tráthnóna.   Má bhíonn aon eolas ag teastáil is féidir glaoch ar Phádraig Ó Neachtain, Oifigeach Forbartha Gaeilge, 067/41570.

Naíonra

Tá na páistí sa Naíonra ag baint spraoí as gach maidin a chaitheann siad le chéile. Os rud é go bhfuil an aimsir go hálainn táid le feiscint ag siúl leis an rópa agus na Stiúrthóirí ar gach taobh chun go mbeidh siad slán sábhailte ar na cosáin timpeall an bhaile.

Maidin Chaife

Tagann roinnt daoine le chéile gach seachtain san Aonach chun cupán caife nó tae a bheith acu agus Gaeilge a labhairt.   Is ar an gCéadaoin ar 11.00 am a bhíonn siad le cloisint ag plé cúrsaí an tsaoil.    Is breá leo bheith ag caint agus ag cadráil nó ag éisteacht le nuacht a chéile.   Má’s suim leat an Ghaeilge a chloisint nó a labhairt tapaidh an deis seo agus bí in gCaife Steeples ar an gCéadaoin.

Gluais:

Cúis áthais – cause of joy; blaiseadh – taste; cruthaitheacht – creativity;

ceannaire – leader;  aistritheoir – translator; léirithe – produced;

na healaíona – the arts; ag druidim – nearing; oidhreacht – heritage;

ceiliúraimis – lets celebrate; tosaitheoirí – beginners, feabhsóirí – improvers;

slán sábháilte – safely; cadráil – chatting; tapaidh an deis –take the opportunity.

Tuilleadh eolais : Pádraig Ó Neachtain, 067/41570  http://www.cnagantaonach.ie     f    t

Oíche Chultúir

Tá an Oíche Chultúir ag dul ó neart go neart ó cuireadh tús leis ar mholadh duine amháin cúpla bliain ó shin.    Bíonn deis ag gach duine cuid den chultúr a bhlaiseadh i ngach aít sa tír saor in aisce   Anseo san Aonach beidh an file Thiobraideach Áine Ní Ghlinn ag léamh a cuid filíochta I nDún Mhuire ar an Aoine 16 Meán Fómhair.

Áine Ní Ghlinn

Léachtóir, iriseoir, agus scríbhneoir í Áine.    Is as Crosaire an Ghúlaigh, Co.Thiobraid Árann di ach tá sí ina cónaí le fada i mBaile Átha Cliath.  Chaith Áine tamall ag múineadh i mBuiríos Uí Luigheach sara ndeachaigh sí ag obair mar iriseoir le RTÉ agus Raidió Na Gaeltachta.   Faoi láthair roinneann sí a cuid ama idir léachtóireacht i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann, scríbhneoireacht do léitheoirí óga agus ceardlanna scríbhneoireachta a chur ar fáil do dhaltaí scoile.   Tá go leor gradaim buaite ag Áine.  Bronnadh Gradam Reics Carló Leabhar na Bliana, Gradam Ficsin Leabhair Pháistí Éireann agus Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann ar an úrscéal Daideo. Bronnadh Gradam Ibby ar Bhrionglóidí agus tá go leor duaiseanna eile buaite aici dá saothar drámaíochta agus filíochta agus dá húrscéalta do pháistí.

 Comhaltas Ceoltóirí Éireann

Tá Comhaltas Ceoltóirí an ghníomhach san Aonach agus i dTiobraid Árann go hiomlán.  D’éirigh go hiontach le Fleadh na Mumhan a d’eagraigh siad san Aonach anuraidh agus arís i mbliana bhí na sráideanna i gCloch Shiurdáin breac le ceoltóirí ag Fleadh Thiobraid Árann agus chuir siad  an-chuid ceoltóirí faoina chúram  ar aghaidh chuig Fleadh Cheoil na hÉireann a bhí in Inis i mbliana.

Beidh ceoltóirí den scoth leo le ceol a chur ar fáil ar an Oíche Chultúir. Bígí ann ar an Aoine, 16/09/2016 ar 8.00 pm i nDún Mhuire.

Naíonra.

Tá na leanaí trí bliana d’aois ag baint spraoí as an Naíonra Ríocht na nÓg i nDún Mhuire le seachtain na laethanta  seo.    Tá dhá bhliain saor in aisce anois do pháistí os cionn trí bliana d’aois.   Cuireann siad aithne ar pháistí eile, bíonn spórt agus spraoí acu agus foghlaimíonn siad roinnt Gaeilge i ngan fhios dóibh féin chomh maith lena lán rudaí eile.

Tá beirt Stiúrthóir cumasacha ina mbun Éilís Uí Thuathaigh agus Kirsty Ní Bhroin ó 9.00 am – 12.00 meánlae.

Ranganna

Tá a lán daoine ag cur spéise i ranganna Gaeilge a bheidh ag tosnú roimh dheireadh Mheán Fómhair.   Bíonn  suim ag tuismitheoirí bheith  chun tosaigh ar na leanaí agus bíonn suim ag daoine eile bheith ag plé le chéile i nGaeilge. Ar ndóigh bíonn daltaí scoile go háirithe déagóirí ag iarraidh barr feabhais a chur ar an dteanga chun bheith ullamh do scrúdaithe.  Pé aidhm atá agat má’s suim leat freastal ar rang a bheidh ar siúl i nDún Mhuire, bí i dteagmháil le

Pádraig Ó Neachtain, Oifigeach Forbartha Gaeilge ar 067/41570

Nó ríomhphost :cnagantaonach@gmail.com

http://www.cnagantaonach.ie

Gluais : ceardlann – workshop; neart – strength; iriseoir – journalist;

gradaim – awards; gríomhach – active; breac –full of; scoth – excellent;

cumasach – capable; spéis – interest; go háirithe – especially.

Seachtain na Gaeilge

Tá Seachtain na Gaeilge linn! Tá Seachtain na Gaeilge ar bun ó 1902 agus d’fhás tréimhse na féile atá ag dul ó neart go neart ó sheachtain go tréimhse os cionn coicíse.   Toisc go raibh an-aitheantas faighte ag Seachtain na Gaeilge fágadh an t-ainm mar a bhí ó thús.  Eagraítear imeachtaí i ngach contae in Éirinn agus in aon áit a bhfuil na Gaeil lonnaithe. Is í aidhm na seachtaine an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn ague deis a thabhairt do dhaoine Gaeilge a chloisint ague a labhairt.  San Aonach eagraítear Féile an Aonaigh i rith an ama ague tagann daltaí ó Bhunscoileanna ague Iarbhunscoileanna Thiobraid Arann Thuaidh chun bheith páirteach sna Comórtais Aithriseoireachta, Labhairt na Gaeilge, Slua Amhránaíochta, Ealaíne, Filíochta ague Blagála.  Is féidir linn go léir páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge trí éisteacht le Gaeilge ar an raidio nó féachaint ar TG4 nó Gaeilge a labhairt sa bhaile, ar an bhfón, le do chairde, nó í a úsáid ar na meáin shóisialta.

Bain triail aisti.

Ciorcal Comhrá

Tuigtear dúinn go bhfuil Ciorcal Comhrá go seachtainiúil i dTeach Laighin faoi láthair. Cuireadh in iúl go raibh Teachtaí Dála ague Seanadóirí chomh maith le lucht na hoifige ag ól caife ann agus ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Thug an tAire McHugh spreagadh dóibh toisc go bhfuil feabhas an-mhór tagtha ar a chuid Gaeilge le tamall.  Beidh deis ag daoine gur mhaith leo Gaeilge a chloisint ague a labhairt teacht go caife Cinnamon Alley ar an gCéadaoin 4 agus 11 Márta ar 11.00 am.  Muna bhfuil tú saor ar maidin beidh fáilte romhat ag Country Choice ag Tae Tráthnóna Déardaoin 12 Márta ar 3.00 pm. Má’s mian leat bheith amuigh san oíche beidh comhluadar Gaelach agus ceol i dTábhairne Rohan ar an gCéadaoin 4 agus 11 Márta agus oíche Aoine 13 Márta i dTábhairne Uí Shúilleabháin chomh maith(Rocky’s).

Ómós Phádraig.

Bainfidh gach duine taitneamh as an gCeolchoirm seo ar an Satharn 14 Márta san Ionad Ealaíne ar 8.00 pm le togha ague rogha ceoltóirí agus damhsóirí.  Rachaidh brábús na hoíche chun athchóiriú a dhéanamh ar Chaisleán Drom Inbhir.

An tAifreann

Mar is gnáth beidh Aifreann 9.45 Lá le Pádraig as Gaeilge. Beimid ag súil le lá brothallach, tirim ansin chun dul ag féachaint ar an Mhórshiúil.

Lá na mBronntanas

Ceannaigh leabhar Gaeilge mar bhronntanas ar an Aoine 6 Márta sa Siopa Leabhar i nDún Mhuire, 50 Sr An Phiarsaigh.   Beidh sladmhargadh ann ar feadh na seachtaine roimh Lá le Padraig.

Féile Scoildrámaíochta

Thug an moltóir Helen Hallissey ó Chorcaigh ardmholadh don dráma  “An tAirc ó Oz” léirithe ag rang 6 Bunscoil na Carraige lena mhúinteoir Gary Prút agus an dráma “Cocaillín Dearg” léirithe ag Rang 1 Gaelscoil Aonach Urmhumhan lena múinteoir Norma Uí Riain le deanaí. Mhol sí an aisteoireacht, an chaint, an léiriú agus an teacht i láthair ag na haisteoirí óga go léir.  Bhain an lucht féachana an-sult astu chomh maith. Comhgháirdeas leo.  Beidh na drámaí ag iomaíocht i bhFéile Scoildrámaíochta na Mumhan in Inis ar an 19 Márta. Go n-éirí leo go léir.

Gluais:

Aitheantas – recognition; lonnaithe – settled; na meáin shóisialta – social media;

triail – try; barr feabhais – improve; spreagadh – encouragement;

ómós – respect /in honour of; brabús – profit; brothallach – warm; sladmhargadh – sale.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: