Féile an Aonaigh 2017
Buaiteoirí
Comórtas Labhairt na Gaeilge Rang 6


Comórtas Labhairt na Gaeilge Rang 5

COMÓRTAS SLUA AMHRÁNAÍOCHTA

Scoil Náisiunta Teampall Tuaithe

Gaelscoil Aonach Urmhumhan
Comórtas Aithriseoireacht
Comórtas Ealaíon

Dó fá Dó i nDún Mhuire 10/03/2017


Comórtas Bunscoileanna
Bíonn Seachtain na Gaeilge ar siúl í mí Márta gach bliain.
Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Gaeilge agus chultúrtha is mó a bhíonn in Éirinn gach bliain. Tá sí ag dul ar aghaidh le fada anois agus maireann sí ar feadh coicsíse – sna laethanta díreach roimh Lá le Pádraig.
Bíonn na céadta míle daoine páirteach in imeachtaí a bhíonn á n-eagrú ag suas le 300 grúpa le céilithe, ceolchoirmeacha agus quizeanna boird san áireamh. Bíonn na himeachtaí seo á n-eagrú i ngach contae in Éirinn agus taobh amuigh de.
Is í aidhm na Seachtaine ná an Ghaeilge agus cultúr Gaelach a chur chun cinn agus deis a thabhairt do dhaoine iad a bhlaiseadh. Is féidir le gach duine úsáid a bhaint as an Ghaeilge agus as an gcultúr.
San Aonach bíonn Féile an Aonaigh ar siúl i rith Seachtain na Gaeilge. Bíonn comórtas don Óige agus imeachtaí ar siúl do dhaoine fásta ag an am seo. Tugann sé deis a do dhaoine an Ghaeilge a labhairt i measc chomhluadair.
Tá an Ghaeilge thart timpeall orainn agus í an bheo i saol na hÉireann. Bígí ag caint!