Conradh na Gaeilge san Aonach

IMG_6249Conradh na Gaeilge san Aonach.

Is cosúil go raibh craobh den Chonradh san Aonach chomh fada siar le 1901.   De réir cuntas a foilsíodh sa Nenagh News & Tipperary Vindicator 5 Deireadh Fómhair 1901 bhí  “The Tipperary Branch of the Gaelic League” ag moladh rúin “to introduce the teaching of  Irish language into schools.”   Bhí aeraíochtaí, feiseanna agus ranganna mar chuid de ghnáthobair Chonradh na Gaeilge ó thosach.

Bhí Conradh na Gaeilge 50 bliain ar an saol sa bhliain 1943 agus bhí ceolchoirm go hiomlán trí Ghaeilge san Aonach don chéad uair oíche lá le Pádraig na bliana sin.  I measc na n-imeachtaí atá luaite le 1948 tá díospóireachtaí, claisceadal, léacht, cluichí cártaí agus meascán meidhreach ina raibh amhránaíocht, scéalta, tomhasanna, tráth na gceist agus rince. Sna caogaidí déanadh an  scannán “The Scrap Book of Nenagh” agus taispeánadh é i hallaí mórthimpeall Thiobraid Árann Thuaidh.   Léadh an tráchtaireacht as Gaeilge. Tugadh páistí go dtí Gaeltacht i gChúil Aodha sa samhradh le Coiste na bPáistí.   Léiríodh cuid mhaith drámaí freisin ag deireadh na gcaogaidí agus sna seascaidí. Pádraig Ó Meára a bhí mar chathaoirleach san am sin. Fuair sé léas ar Dhún Mhuire sa bhliain 1959.  Ba é Pádraig an conraitheoir ba mhó tionchar thar thréimhse daichead bliain.

Sa bhliain 1986 a osclaíodh Naíonra an Aonaigh i nDún Mhuire.   Cuireadh tús le Féile an Aonaigh i 1987  agus leanann an Fhéile / Seachtain na Gaeilge ó shin.   I measc imeachtaí Chonradh na Gaeilge ó 1988 ar aghaidh tá ranganna, tráth na gceist, coirmeacha ceoil, fógraí “Fáilte go hAonach Urmhumhan” curtha suas ar imeall an bhaile, Club na nÓg; drámaí léirithe agus cursaí samhraidh.

I 1989 bunaíodh Gaelscoil Aonach Urmhumhan a d’fhás ón Naíonra.

Anois tá Dún Mhuire (Árus an Chonartha) ceannaithe, athchóirithe agus Scéim Fhoras na Gaeilge le hOifigeach Forbartha Gaeilge ag obair ann.

It seems from a report published in the Nenagh News & Vindicator on 5th October, 1901 that there was a branch of Conradh na Gaeilge in Nenagh as far back as 1901. In that edition of the newspaper a motion appeared on behalf of the “Tipperary Branch of the Gaelic League,” “to introduce the the teaching of Irish language into schools.”  Open air entertainment, festivals, and Irish classes were part of the work of the Gaelic League from the beginning.  In 1943 the Gaelic League celebrated its 50th year and a concert completely in Irish was held in Nenagh for the first time on St. Patrick’s Day.    Among the activities held during 1948 were debates, group singing, lectures, card games and a merry mixture of dance, song, story and quizzes.  During the 1950’s the “The Scrapbook of Nenagh” was filmed and shown at various halls throughout North Tipperary.   Children were taken on courses to Cúil Aodha Gaeltacht and plays were produced annually during the late 50’s and 60’s.  Pádraig Ó Meára was Chairman at the time and in 1959 there was great rejoicing when he got a lease on the building at 50 Pearse St. now called Dún Mhuire (formerly a Gentleman’s Club). Padraig was the most influential Gaelic Leaguer in North Tipperary over a period of 40 years.   He died in 1971.  In 1986 the Nenagh Naíonra (playgroup in Irish) was opened in Dún Mhuire by Peigí Uí Fhathaigh. Féile an Aonaigh was introduced in 1987 and the festival/Irish week has continued to this day.   During the late 80’s and 90’s classes for adults, table quizzes, concerts, plays and summer courses were organised.    A youth group met once a week, and the signs “Fáilte go hAonach Urmhumhan” were erected.   Gaelscoil Aonach Urmhumhan was established in 1989 by parents whose children had been attending the Naíonra at Dún Mhuire.  Today the Conradh na Gaeilge building “Dún Mhuire” has been purchased, renovated (with the help of grants from Roinn na Gaeltachta) and a scheme funded by Foras na Gaeilge has enabled the committee to employ an Irish Officer to promote the Irish language.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: