Dúchas – Éigse do Thiobraid Árann

Duchas 2011Eagraíodh “Dúchas,” Éigse do Thiobraid Árann ar an 9, 10, 11 Meán Fómhair, i nDún Mhuire.   Coiste Contae Thiobraid Árann a bhí ina mbun agus Eamon Ó hArgáin,  Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha, Foras na Gaeilge a d’oscail an Fhéile oíche an Aoine.  Ansin thug an Dr Mary Harris caint an-bhreá ar Thomás Mac Donncha, laoch 1916 (a tháinig ó Chloch Shiúrdáin gar don Aonach).   Corcaíoch í Máire atá ag obair anois sa Roinn Staire, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Léirigh Aisteoirí an Aonaigh  taispeántas suimiúil ar shaothar aistriúcháin le Tomás Mac Donncha ag diriú ar “An Bonnán Buí.”

Ar an Satharn thug an Dr Séamus Ó Flaithimhín, Ollamh Emeritus, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, léacht eolgaiseach ar an scoláire ildánach, An Monsignor Pádraig de Brún (a tháinig ó dheiseart Thiobraid Árann).

Tá léabhar is fiche foilsithe ag Áine Ní Ghlinn ó Crois an Ghúlaigh, Co Thiobraid Árann.  Is í a thug Ceardlann Filíochta do dhaltaí scoile, a léigh a cuid filíochta agus a sheol urscéal nua le Liam Prút dar teideal “Sna Flaithis go hArd”  don slua.  Dhein an Dr Nóirín Ní Riain staidéar ar an gceol faoi Sheán Ó Riada.   Labhair sí ar an tionchar a bhí ag Ó Riada uirthi mar cheoltóir.   Ag deireadh na hoíche leirigh Buíon Phádraig, Luimneach an drama “Na Mangairí,” cóirithe ag Seán Ó Morónaigh.

Dé Domhnaigh thugamar cuairt ar an sráidbhaile éiceolaíochta nua i gCloch Shiúrdáin mar ar stiúraigh agus ar mhínigh Anne Marie Nugent an ailtireacht, an éiceolaíocht agus an saol laethúil san áit nua-aoiseach dúinn.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: