Seachtain na Gaeilge 2011

23/03/2011

Bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 5 – 17 Márta 2011

Anseo san Aonach bhí Féile an Aonaigh ar siúl idir an 5 – 17 Márta 2011.  Mar is eol don saol bhí Comórtais don Óige agus imeachtaí ar siúl do dhaoine fásta.  Bhí caint ceol agus comhludar ar siúl i dTábhairne Una Powell.  Bhí an t-amhránaí Déiseach Ciarán Ó Gealbháin anseo in nDún Mhuire ar an 10 Márta.  Bhain Ciarán leis an ghrúpa “DANÚ’ a thaistil an domhan ach anois tá staidéar a siúl aige ar amhráin na nDéise agus é ag múineadh chomh maith in Ollscoil Chorcaí.

Chun deis a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt i measc chomhluadair bhí Maidin Chaife i  Rogha na Tuaithe ar an 14 Márta agus ar an 15 Márta bhí Tráthnóna Caife i Cinnamon Alley.  Chomh maith le seo bhí Seisiún Ceoil i dTábhairne Rohan ar an 16 Márta.

Bhí áthas orainn go raibh na duaiseanna do Chomórtas don Óige á mbronnadh ag Darragh Egan (imreoir Thiobraid Árann a bhuaigh Craobh na hÉireann 2010). Bhuaigh Darragh go leor duaiseanna sna comórtais nuair a bhí sé féin ina dhalta!  Gan dabht spreag sé na páistí óga.

Tá an Ghaeilge thart timpeall orainn agus í an bheo i saol na hÉireann.  Bígí ag caint!

Advertisements