Feabhra – John Spillane

As Corcaigh do John agus tá cáil air mar cheoltóir ó thosaigh se ag seint leis na  “Stargazers.”    Thaistil sé an domhan leis na ceoltóirí traidisiúnta “Nomos.”   Tá aithne ag lucht éisteachta Raidio na Gaeltachta air óna chláracha féin mar “Rogha John Spillane.”    Bhain an albam “Hey Dreamer” uimhir a haon sna cairteanna agus bhí “The Dunnes Stores Girl tamall” sna cairteanna chomh maith.  Thaifead Christy Moore, Karen Casey, Sharon Shannon, Sean Keane agus amhránaithe nach iad amhráin a chum John.  Bhain John Gradam Ceoil Meteor Ireland sna blianta 2003 agus 2006.

Bhí sé féin agus an file Louis de Paor sa rang céanna ar scoil ó bhíodar ceithre bliana déag d’aois.   Is ann a cuireadh na síolta don “Gaelic Hit Factory” leis na focail ag Louis agus an ceol ag John.   Ó shin i leith tá an tóir ar “Irish Songs We Learned in School” agus ar “More Irish Songs we learned in School.”

Baineadh sult agus sásamh as an oíche le John i nDún Mhuire agus bhí an-áthas ar “Trad 4” (Maura, Cliondha, Adam agus Jack ) ó rang 6 Gaelscoil Aonach Urmhumhan a bhaith ag seint roimhe agus leis ag deireadh na hoíche.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: